9.30.2005

mo mháthair

Tá mo mháthair ag teacht anocht, ó Brasher Falls, nua eabhrac. Fanfaidh si linn ar feadh cupla lá. Inseóidh mé duit cónas a théann a cuairt tar éis an deireadh seachtaine. abairt nua agam- tá seandioltas againn le chéile--mo mháthair agus mise féin atá i gceist...biodh an t-ádh liom!

slán

9.28.2005

codladh sámh...

 Posted by Picasa

9.26.2005

seisiún ag "An Chláirseach"

Dé hAoine seo chaite, chuaigh mise agus Stephanie go dtí teach teabhairne in Amherst, "The Harp" an t-ainm atá air. Thug mé mo bodhrán liom, ag súil go mbeidh seans agam é a sheinm leis na ceoilteoirí eile a bhí ann. Bhuel, tar éis gloine Guinness, bhí mé ag smaoineamh faoi dul amach go dtí mó charr mó bodhrán a fháil--agus sin é a rinne mé! Nuair a thainig mé ar ais isteach, fuair mé cathaoir agus shuigh mé síos, go díreach taobh amuigh ciorcal na ceoilteoirí. Sheinn mé amhrán nó dhá, agus bhí an-spraoi ann! Ansin, d'imigh cupla daoine. Bhí cathaoir ISTIGH an ciorcal agam ansin! Idir amhrain, tháinig an fear chugam, agus shuígh sé síos sa chathaoir a bhí in aice liom. "Hello." ar seisean. "I'm Jonathan." "cónas atá tú, " arsa mé féin. "Is mise Mark." Bhí ionadh ar a haghaidh ansin, agus dúirt sé "An bhfuil Gaeilge agat?" D'fhreagair mé, "Tá, beagán!" Thatin sin go mór liom, go bhuail mé duine eile a bhfuil Gaeilge aige!

Bhí fear eile, freisin, a raibh Gaeilge aige. Ba múinteoir teangatha é. Dáithí an t-ainm atá air. Mar sin, bhuail mé le cupla chairde nua sular thainig deireadh na hoíche! Agus rinne mé cleachtadh ar mó bhodhrán, freisin!

9.24.2005

 Posted by Picasa

9.22.2005

ba mhaith liom dhá rang Gaeilge sa seachtain

ok. Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge i bPortland, Maine i gceann míonna nó mar sin. Tá súil agam go mbeidh mé abalta dul ann. Níl Portland ach trí uair ó anseo. Ní fheadar má rachaidh éinne a bhfuil aithne agam uirthi ann. Tá a fhios agam i dtaobh rud amhain: is breá liom ag stáidéar mo chuid leabhair, ach b'fhearr liom caint le daoine eile a labharíonn Gaeilge.

ar aon cuma, beidh an eachtrá ón 21ú lá go dtí an 23ú lá de mhí Deireadh Fómhair, agus is féidir libh a chuir scairt ar Cumann na Gaeilge, Boston ag: 207-780-0118.

maith go leor. Tá an rud sin ráite agam, tá mo dhara rang Gaeilge na fómhar againn anocht. Tá mo chuid obair bhaile críochnaithe agam, buíochas le Día (nó le mé féin, dairire! Ní dhearna Día mo chuid obair bhaile!) Ar nduirt mé go dtiomainím ón iarsmalann ina bhfuil mé ag obair go dtí mo rang i Sturbridge gach Déardaoin? Tiomainím. Tá rang amhain i mo cheantar, ach níl sé saor in aisce mar bíonn an ranf i Sturbridge. B'fhéidir go bhfreastlaidh mé na dhá acu! Bheadh rang agam dhá thránóna sa seachtain ansin! Ar fheabhas!

mar sin. caithfidh mé obair. slán go fóillín.

9.18.2005

scéal an blátha


Rinne Stephanie an pictiúr seo dom chun go ndéanfainn cleachtadh ar mo chuid Gaeilge.

fadó, bhí tríur a raibh cairde le chéile. Ba breá an aimsir lá amhain. Chuaigh Aoife agus a cairde chun bláthanna a bhaint. Bhuel, ní raibh cairde Aoife ro-shásta leis an smaoineamh. Ba mhaith leosan fánacht sa bhaile, ag stánadh ar na ballaí, agus ag féachaint ar an teilifís. Ach tháinig siad le Aoife mar sin féin,mar cheap siad go ndéanfaidís magadh uirthi.

Nuair a fhúair Aoife an chéad bláth, sroich sí síos é a bhéir air. Ach, cád a tharla? Bhuail ceann dena cairde a tóin leis a cos, agus thug an cara eile báisteach anuas ón spéir! Agus gháir an Ghrian ar feadh an lá ar fad!

sin é...

tá failte roimhe bhur gcuid ceartúcháin!

ag peinteáil arís

bhuel. níl mórán agam a rá inniu. Ghlan steph a stiúdio pheinteáil aréir. Bhí gá mór ag steph é a ghlanadh, agus thaitin an méid go mór le steph. Ní reitíonn steph le trangláil!

Bhí ár gcéad rang againn Déardaoin. ba gearr an rang é. Múineann Cionaodh bunrang chomh maith, ar a seacht a chlog an oíche chéanna. Bíonn ár rang ar a sé. mar sin níl mórán am ag Cionaodh idir ranganna. fuair mé cupla leabhair nua ag an rang--focloir Gaeilge-Bearla, agus leabhair leis an ainm "Gaelic Idioms" le G. Bannister.

ó, bhí idé agam ar maidin. Ba mhaith liom blog a thosú ina scríobhainn faoi mo chuid brionglóidí. (?) Taifeadfaidh mé iad, chomh maith, mar podchraolacha. Mar dialann bhrionglóide. Tá súil agam go ndéanfaidh mé podcraolach de mo bhlog Gaeilge freisin. Feicfimid...feicfimid!

leathanach gearr eile. beagán Gaeilge gach lá, a déartar é. ag rá faoi "déartar"... is breá liom gramadach! b'fhéidir gur "nerd" mé, ach is breá liom na codanna diffriúi gramadach a fhoghlaim. mar shampla, an saorbhriathar. an-úsáideach, dairíre!casta go leor, cinnte, ach an-suimiúil agus tábhachtach.

maith go leor. caithfidh mé dul a chodladh. oíche mhaith agus codladh sámh go leir!

9.15.2005

rang arís!!!

tá an-áthas orm go mbeidh rang agam arís anocht. Sa samhradh seo, bhíomar ag bualadh le chéile sa teach Sinéad, ceann den daltaí sa rang. Tá a teach i Sturbridge, Massachusetts. Tá ár rang i Sturbridge freisin, i Seipeal Naomh Aine. Thosaímid ag déanamh stáidear leabhar núa, "Anseo is Ansiúd" is ainm dó. Tá scealtaí as Geailge ann, agus ceisteanna faoina scéaltaí a fhreagreadh. Bheadh spraoi againn go leir!

Fuair mé leabhair eile inné--"How to Learn any Language" le Barry Farber. Níor labhair sé faoi Gaeilge fós, ach is suimiúil an leabhair mar sin féin...

(tá mé san oifig anois, ag éisteacht le RnaG. Agus ag obair freisin, ar ndóigh!)

slán go foill.

9.14.2005

Bhínn bhíodh bheadh cuairt

Is dhá lá ó scríobh mé. Inniú d'fhreastail mé cúrsa CPR agus garchabhair. Oibrím in iarsmalann, agus bíonn a lán páiste ag tabhairt cuairt ar an ait, mar sin, is an-thabhachtach a bheith réidh faoi choinne éigeandáil. (ar uair na práinne.)

Tá mo shúile salach agus ag dúnadh anois. Tá an-tuirse orm, ach ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Ba mían liom duine éigin a chaint leis gach aon lá as Gaeilge.

Ó, is cuimhin liom anois. Tabhairfidh mo mháithair cuairt orainn an tseachtain seo chugainn. Rachaimid go dtí an "Big 'E'." (tá súil agam...) Is aonach mór bliantúil é, agus bíonn sé ar siúl ar feadh dhá sheachtain. Bíonn daoine ó Chiorraí ansin de ghnáth, ag díoladh éadaí, dlúdhíoscaí agus earraí eile ó Eire. Tá súil agam go bhuilfidh mé iad ansin! Ní tharlann na hócáidí seo ro-mhinic! Bhí bean ansin cupla bliain ó shin, Mazz Flathartaigh sílim, agus bhí seans agam lei a chaint, ach ar feadh nóméad amhain nó mar sin.

ar aon nós, tá súil agam gur feidir liom dul ansin arís ag an deireadh seachtaine...

slán

9.12.2005

an poll go bPáras

Tá athás orm a rá go thochail Steph poll go bPáras! Is fíor é! Thocail sí an poll sa chlós ag chúl an tí. Bhaineamar blathanna inniu freisin, agus rinneamar bord beag. Déantear é de adhmad agus píosa chloiche chothroime.

Ar aon nós, bhíomar an-ghnóthach inniú. Caithfidh mé dul chun obair amárach go luath, ar a seacht a chlog nó mar sin. Beidh lá fada agus gnóthach agam amárach, is docha.

Níl mórán a rá agam anois direach. Tá go leor agam a rá nuair atá mé ag obair, áfach. Mar sin, scríobhfaidh mé tuilleadh amárach nuair ba choir dom a bheith ag obair...

(tabhair faoi deara: Tá a fhios agam gur leadránach an blog é seo. Tiochfaidh feabhas air ar ball, dairire!!! Ná stad ag léamh é--le bhur dtoill!!!) mark

9.09.2005

brionglóid aisteach

tá mé ag obair. An bhfuil mé sásta le mo chuid obair? Níl mé. Tagaim go dtí an oiffig gach lá. Fanaim anseo go dtí a cúig a chlog, nó mar sin. Cad a dhéanaim i rith an lae? Bím ag iarraidh fanacht i mo dhúsacht. Tá scaimaill dorcha os cionn mo chinn inniu. Ach, b'éigin díom an radharc grianmhar a choinniú.

Bhí brionglóid aisteach agam aréir. Bhí mé i siopa, ach bhí cuma air mar seomra teaghlach. Bhí fuinneog mór ar adhaigh an tseomra, agus d'eitil chéadanna fhéaileacháin oíche i saithe sa fhuinneog. Chuir mé mo mhéar os comhair ceann de na féaileacháin oíche, agus ba mhaith leis greim a bhaint as mo mhéar! D'fhan mé in a aonad iad ansin. Tháinig fear le folúsghlantóir agus thosaigh sé na féileacháin oíche a tharraingt isteach ann. Tar éis tamaill, chonaic mé caillín óg istigh sa saithe, agus sí in a suí ar an gcathaoir.

Cén mionú atá ar mo bhrionglóid? Insigí bhur smaointe dom! Le bhur dtoil, ar ndóigh!

9.08.2005

mmmmmmmmmmmmmm

Bhí rang Gaelilge agam anocht. Uaireanta, silim nár féidir liom dhá fhocail Gailge a chur le chéile. Tá sé an-dheacair dom a leabhair as Gaeilge. Caithim neart am ag tuisliú ar mo theanga féin. B'fhéidir go mbraitheoídh mé nios fearr amárach.

ceol agus damhán alla

bhuel, thainig mo chara Dáithí (dave) go dtí an teach anocht. Seinneann dáithí an giotar. Ní sheinnimid le chéile le trí seachtain anuas, mar sin, b'an-deas a sheinm i ndiadh ár scíth fada. Déanaimid taifead de ár amhráin. Taimid ag cleachtú uair sa seachtain. Tá súil againn dlúdhiosca a chur amach ar ball. Ó, rinne mé dearmad a rá--seinnim féin na drumaí, agus an bodhrán.

Ta Steph ag péintáil anois. An lá ar fad, dairíre. Is an-mhaith an péintéir í, dar liomsa. Déanann sí péintéireachta teibí, an chuid is mó den am. Tá an-athás ormsa sise a fheiceail ag péintiáil sna laetheanta seo. D'fhreastalamar mise agus Steph an coláiste cheanna blianta ó shin. Bhímid le chéile sa roinn ealaíne ansin. Anois, tá ár dteach féin againn, agus trí chat agus turtar amhain. Nach deas é sin?

Tá an-tuirse orm go tobann. Tá súil agam tuilleadh a scríobh níos déanaí. B'éigean dom na briathra neamhríalta a cleachtú. Scríobhfaidh mé sceal ag usaid na briathra neamhríalta.

...Chuir mo dheartháir scairt orm nóiméad ó shin. Bhí sé ar síuil go dtí an fobhealach i ndíaidh lá fada ar ollscoil. Obraíonn sé co crúa.

maith go leor. slán.

9.05.2005

teachtaireacht gearr

tá mé in a dhiaidh ag rith. agus ag ithe. d'ith mé an iomarca, is docha. Bíonn an-ocras orm tar éis ag rith. agus ithim ro-thapaigh, mar sin.

ooooooohhhhhhh...

feichfidh mé (agus steph) scannán anois. níl aon rud mar bheith i do shuí ag déanamh dada.

ahhhhhhhhhhhhhhhhhhhhh....

ar ais go hobair amárach....

uuuuuhhhhhhhhhhhhhhhh...

slán.

gan ainm

Chaitheamar (mise agus steph) an lá ag siopadoireacht le mathair steph, atá ag thabhairt cuairt orainn go dtí amárach. bhí an lá fhada agus neamhchúiseach. Cheannaigh mathair Steph dinnéar duinn chomh maith. Nach deas an bhean í? Is breá liom mathair Steph.

Rinne Steph cáca cairéad, agus d'imreamar Scrabble (nior imreamar as Gaeilge é, ar an drochuair!) Measim go n-imeoidh maithair Steph amárach, níl mé cinnte cén uair. Agus rachaidh mé ar ais go dtí an oiffig Dé Mairt. PÚ!!!!!!

Bhuel, Tá mo chuid am suas! go dtí níos déanaí

9.03.2005

seachtain na Gaeilge in Esopus

Ar dtús, chathaidh mé a rá: Tá mé ag foghlaim Gaeilge le dhá bhliain anuas. Mar sin, déanfaidh mé a lán botúin, is dóigh liom. Scríobhim cosuil le moncaí, agus labharaím cosuil le paiste! Cad a dhéanfaidh mé? Staidéar a dhéanamh. Sin an fáth a scríobhim sa Bhlog seo.

Anois, tá an-áthas orm! Chuaigh mé go hEsopus, NY an seachtain seo. Bhí seachtaine na Gaeilge ann, agus bhí a lán daoine i láthair ag foghlaim Gaeilge. Bhiodh ranganna, agus ceardlann cheoil, agus comhrá i rith an lae. Nior chóir do daoine Bearla a labhairt, ach bhí ort beagán Bearla a labhairt ó am go ham, ar ndóigh!








sa ghríangraf seo, is mé ag seinm an bodhrán agus
ag canadh "'sí do mhamó í" ag an séisiún Dé hAoine.

Bhí timpeall seasca Daltaí ó neart áiteanna ann. Bhuail mé féin daoine a bhfuil in a gconaí i New Mexico, South Carolina, North Carolina agus i dTexas. Bhí siad an-chardiúil go leir. D'fhoghlaim mé neart rudaí ag caint leis na daltaí agus na múinteoirí.

Ar aon nós, tá an-áthas orm a chuaigh mé ansin.

go dtí an am seo chugainn...