9.03.2005

seachtain na Gaeilge in Esopus

Ar dtús, chathaidh mé a rá: Tá mé ag foghlaim Gaeilge le dhá bhliain anuas. Mar sin, déanfaidh mé a lán botúin, is dóigh liom. Scríobhim cosuil le moncaí, agus labharaím cosuil le paiste! Cad a dhéanfaidh mé? Staidéar a dhéanamh. Sin an fáth a scríobhim sa Bhlog seo.

Anois, tá an-áthas orm! Chuaigh mé go hEsopus, NY an seachtain seo. Bhí seachtaine na Gaeilge ann, agus bhí a lán daoine i láthair ag foghlaim Gaeilge. Bhiodh ranganna, agus ceardlann cheoil, agus comhrá i rith an lae. Nior chóir do daoine Bearla a labhairt, ach bhí ort beagán Bearla a labhairt ó am go ham, ar ndóigh!








sa ghríangraf seo, is mé ag seinm an bodhrán agus
ag canadh "'sí do mhamó í" ag an séisiún Dé hAoine.

Bhí timpeall seasca Daltaí ó neart áiteanna ann. Bhuail mé féin daoine a bhfuil in a gconaí i New Mexico, South Carolina, North Carolina agus i dTexas. Bhí siad an-chardiúil go leir. D'fhoghlaim mé neart rudaí ag caint leis na daltaí agus na múinteoirí.

Ar aon nós, tá an-áthas orm a chuaigh mé ansin.

go dtí an am seo chugainn...

2 Freagraí-

dúirt...Blogger mark bodah

Go raibh maith agat, a Shineadeilis. Mar sin...cé tusa? Níl aithne agam ar d'ainm...

9:00 AM, September 05, 2005  
dúirt...Blogger mark bodah

Sinéad as Sturbridge?

2:43 PM, September 05, 2005  

Post a Comment

<< Home