10.17.2006

Bígí ag éisteacht ar Gabcast!

inis dom bhur gcuid smaointe faoin tséirbhís nua 's agam chun taifeadaigh a dhéanamh. Seo daoibh ceann ag baint le cad tá ag tarlú le déanaí agam.

10.09.2006

an lá ag dul i ngiorracht

tá sé thar a bheith alainn inniu, agus mé i bhfostú le mo chuid oibre, gan fuinneoga, gan solas an lae. ach chuaigh mé go dtí siopa gar dom, agus is dóigh go rith an smaoineamh do gach aon duine sa stát--bhí an áit plodaithe.

thug mo dhearthar agus a thaighleach cuairt orainn arís an deireadh seachtaine seo chaite. ní foláir dóibh dull chuig bainis i Connecticut. Bhí ann spraoi againn--d'éirigh mé ábhairín crosta cupla uair áfach. gach uair a tagann siad, is éigin domsa a lán airgid a chaitheamh ar béilí amach, agus bia le haghaidh béilí istigh chomh maith. Cheannaigh siad siúd na deochanna, áfach, is é sin maith ar aon nós. ach Íosa Críost (litriú?) tá daoine ag thabhairt cuairtanna orainn gach deireadh seachtaine ó dheireadh Lúnasa. anois, faoi deireadh, tá an óstán dúnta! casc ar cuartóirí! tá a lán nithe a dhéamah againn timpeall an tí, timpeall an chlóis, agus tá an lá ag dul i ngiorracht! sin cúis maith gan a bheith istigh ag obair i rith an lae, i mo thuaram féin! ok so táim ag gearán agus ag béacadh an iomarca. admháilim sin!

cad eile--faic na fríde, is dóigh. ligfidh mé daoibh, más ea.