8.30.2007

Coicís in Éirin

tá blag nua seolta agam--"Coicís in Éirinn" in a bhfuil cur síos ar mo thurais go hÉireann an mhí seo. do chuas ansan chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh, agus bhí cúpla lá saoire agam in a dhiaidh san. caitheas am i mBaile an Fhéirtéaraigh, agus sa Daingean, agus do bhualas le neart daoine an-chairdiúil ar fad. tá an blag san dóibhse siúd, do mo theaghlach, agus do duine ar bith a bhfuil suim acu. i mBéarla atá sé mar sin, ach b'fhéidir go mbéidh leagan Gaeilge ar ball, ach táim ag iarraidh bheith in ann comeád leis, tá's agaibh! scaip an scéal go leathan!

bainigí sult as, más féidir!

http://coicisineirinn.blogspot.com/