8.07.2006

lá breá le haghaidh picnic

Chuaigh mé chuig picnic Dé Sathairn, ar theach mo chairde John agus Stephanie, in Easthampton. Tá teach an-deas ag an beirt acu--seantheach mór, agus tá caractar go leor aige, mar a shílfeá go mbeadh ag teach céad bliain d'aois. tá linn snámh acu chomh maith, agus gairdín réasúnta mór, le plándaí ar fud na háite. Tá saghas "cabana" in aice na linne snáimhe, le scáthlán mosqito timpeall an struchtúr go hiomlán. agus tá callairí i gach cuinne, mar sin tá ceol le héisteacht is cuma cén áit a théann tú! Paradise!

Agus an bia! Bhí i bhfad an iomarca bia ann, ach bhí gach piosa de chomh bhlásta. bhí chuile short ann--idir saléid prataí agus bhradán ghríoscaithe. Ní ga a rá--d'ith mise barríocht. Cupla beoir, chomh maith. agus bhuail mé le cupla duine nua atá in a gcónaí sa cheantar agus i stáit eile, chairde do John agus Steph nó muintir dóibh. Páistí óg ag súgradh le chéile. Bhí an-spraoí ag chuile duine. Is daoine thar cinn iad John agus Steph agus iad ag cur an picnic álainn seo chun siúil.

fos ag súil seachtain na Gaeilge in Esopus, ar ndóigh. agus fos ag obair ar an dteach--chríochnaigh mé cupla staighre eile Dé Sathairn. (táim athcóiriú an staighre ar cul an tí le déanaí--staighre caol agus géar atá ann, cosúil le dréimire beagnach, ach is é príomhstaire an tí ar aon nós.) anois-tá mé ag obair, mar is gnáth, ach níl mé ag obair, má fhaigheann sibh mo chiall! beagnach an t-am dul abhaile!

1 Freagraí-

dúirt...Anonymous Anonymous

Nach tú atá rathúil i measc do chairde?

10:11 AM, August 08, 2006  

Post a Comment

<< Home