4.01.2006

tús ana-mhaith ar fad don ghrúpa comhrá!

bhuel, inniu ár gcéad lá ag caint le chéile inár ngrúpa ar Yahoo a thosaigh mé. D'éirigh sé ana-mhaith linn! do bhíos ag caint le beirt daoine---Liz as Namibia agus Maidhc Ó Ceallaigh, atá in a chónai i gCeanada fé láthair, ach is Eireannach é ó dhúchas. más maith libh, bígí i bhur mball in ár ngrúpa linn! ba bhreá linn bheith ag caint libh!

http://groups.yahoo.com/group/comhra

an fadbh is mó atá agam agus mise ag éisteacht le Maidhc--na huimhireacha! do bhí sé ag inis dom fé a chuid oibre, agus an méid am atá caillte ó d'éirigh sé as, agus cé mhéad bhliana atá sé in a chónaí i gCeanada agus rudaí mar sin, ach ba ana-deacair dom na huimhireacha a thuiscint. caithfidh mé cleachtadh a déanamh ar mo chuid uimhireacha is dócha! fan go bhfeicfidh mé--a haon, a dó, a trí...tús maith, mar a déarfá!

3 Freagraí-

dúirt...Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne

Mark,
Ar chuireas aon eolas chugat sa phost faoi an Lá na Gaeilge i Westchester i mbliana? Beidh sé in IONA college ar an 22ú dAibreain,
Is maith liom an grúpa comhra seo atá ar suil agat, beidh mé libh,
Hilary

1:40 PM, April 05, 2006  
dúirt...Blogger mark bodah

chuiris, a Hilary, agus tá súil agam gur féidir liom teacht. agus beidh fáilte mhór romhat sa ghrúpa.

2:11 PM, April 05, 2006  
dúirt...Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne

Go maith. Beimid i dteagmhail arís. Taim ag imeacht go mBAC anocht, beidh seachtain agam in Eirinn.
Slán tamall. H

7:36 AM, April 08, 2006  

Post a Comment

<< Home