3.02.2006

Wal-Margadh

an bhfuil WAL-MARGADH de dhíth ar an mbaile mór inar thógadh mé? Saranac Lake is ea é. Ní dóigh liom. Ach fiecfimid cad a tharlóidh. Má tarlóidh sé, beidh "super center" lonnaithe ar imeall an bhaile, in aice an láthair a bhíodh siopa iolranna san aimsir chaite. Tá an siopa sin dunta anois, agus tá daoine an bhaile ag plé faoi an bhfuil nó nach bhfuil an gá acu siopa nua a fháil. Deir cuid de na daoine nach féidir leo fó-éadaí féin a fháil sa bhaile--caithfidh siad tiomáint 50 míle chun earraí bunúsach a cheannach. Seo blag ar Blogspot.com ina bhfuil na hábhair mar sin cuirthe trí chéile. http://adirondackwalmart.blogspot.com

Is ábhar casta é. Gortíonn sé mo chroí é a cluinstin. Ní maith liomsa dá mbeadh WAL-MARGADH i mbaile chomh álainn le mo bhaile féin, ach ní rogha dom anois, níl mé i mo chonaí ansin a thulleadh. Créidim go maróidh WAL-MARGHADH bailte beag cosuil le Saranac Lake. Cuireann sé na gnóithí beaga as gnó.

siopa iolranna-department store
bunúsach-basic
cuirthe trí chéile-discussed

0 Freagraí-

Post a Comment

<< Home