4.13.2006

Turas Teanga/meán leibhéal

Táim ag leanúint ar mo stáidéair ag úsáid an leabhar "Turas Teanga." Leabhar do fhoghlaimeóir mheán léibheal is ea é, agus tá sé ana-mhaith ar fad dar liomsa. Tá a lán comhráite ar fáil ann, agus is féidir a cloisteáil daoine ag caint faoi rudaí coitianta, agus is é sin direach atá de dhíth orm anois. Is deacair an leibhéal é an meán leibhéal. Ba maith le daoine a bheith níos líofa, agus measann siad go bhféadfaidís abalta níos mó a rá as Gaeilge, abairtí casta agus rudaí mar sin, ach tá gá acu cleachtadh a dhéanamh gach lá, nó caillfidh siad an theanga, agus tá frustrachas ag baint leis an iarracht! ARrrrgh! Sin an fáth a thosaigh mé mo bhlag fuaime agus an blag seo agus an grúpa comhrá ar Yahoo Groups. Mar sin féin--tá sé an-deacair...tá súil agam go gcabhróidh Turas Teanga liom. Meas mé go mbeadh sé an-chuidiúil, mar sin táim ag baint triail as. B'fhéidir ba cheart dom grúpa "Turas Teanga" a thosú ar Yahoo Groups... :P

1 Freagraí-

dúirt...Blogger Séamas Poncán

Ag baint.

Go n-éirí leat!

3:56 PM, April 17, 2006  

Post a Comment

<< Home