4.27.2006

agallamh

do dheineas agallamh le Conn Ó Muíneacháin Dé Domhnaigh, agus éirigh liom ceart go leor, ach ní chomh maith mar a thastaigh sé uaim. bhí mé an-neirbhíseach, ach thuigeas an chuid is mo a duirt Conn liom. faoi láthair, ta m'ailléirge go holc, agus táim rud beag lágintinneach. ní raibh mé abalta mo chuid smaointe a rá as Gaeilge. caithfaidh mé labhairt níos moille, agus beidh an t-am agam smaoineamh ar an méid is maith liom a rá, b'fhéidir.

chuaigh mé go New Rochelle, NY ag an deireadh seachtaine chum lá na Gaeilge a fhreastal, agus bhí sé go hiontach ar fad. bhí a lán daoine ó gach áit sa oirthuisceart ann. bhí mé i rang a raibh beagáinín os mo chionn, agus mhothaigh mé nach ceart dom a bheith sa rang sin, ach d'fhan mé. B'fhéidir ní raibh ach mise féin, ach ní rabhas ro-thogtha le múinteóir an iarnóin. measaim go raibh a fhios aige nach cheart dom bheith ansin. cén cuma? bhí spraoi go leor agam mar sin féin, agus ceadaíodh dom bhualadh le Seán ó MySpace.com--fear a thosnú grúpa leis an ainm "Tóg do ceann amach as do thóin" agus ceann eile a thugtar "grúpa na Gaeilge" air. Bím ag scríobh leis ó am go ham sna grúpaí seo--ba saghas cara virtual é, ach anois tá sé cara dom i gceart. thaitnigh mo chuid am ag caint leis go mór liom. is duine suimiúil é.

le haghaidh mo chéad blag eile, beidh blag fhuaime i ndan daoibh. bead ag caint faoi, em, faoi...

2 Freagraí-

dúirt...Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne

Táim díreach tar eis éisteacht ort agus tú ag labhairt le Conn, bhí tú ana mhaith! (Ná bí chomh crua sin ort féin.) Is rud deas é gur bhuail tú le do chara samhalta Dé Sathairn, nach beag an domhan í?
Tá ana chuid oibre curtha isteach agat ar son na Gaeilge,
Beir bua agus beannacht. H

10:53 AM, April 28, 2006  
dúirt...Blogger Cionaodh

Rinne tú go maith, a Mhark; bhí bród orm nuair a chuala mé thú ag caint le Chonn agus tusa ag tosach cúpla bliain ó shin! Maith thú!

9:27 AM, April 29, 2006  

Post a Comment

<< Home