8.18.2006

ag fualaingt ar son na slainte, srl

ag éisteacht le Radio na Gaeltachta anois direach, agus ag tuicsint cupla focal, anseo is ansiúd. an bhfuil duine amuigh ansin gur maith leis/lei piosa bheag airgid a thabhairt dom? is mian liom bheith i mo chónaí sa Ghaeltacht ar feadh tamall bheag (ar feadh tamall bhig?) agus ba mhaith liom mo bheanchara a thabhairt dom chomh maith. agus--lóistín iomlán atá de dhíth orainn, mar sin, más féidir, agus dhá thicéad go hÉireann chomh maith. ní theastaíonn ticéid fillte uainn, afách. níl go fóill--is féidir go mbeimid ag fanacht níos déanaí ná a shílimís. agus beidh mé abalta obair a dhéanamh chomh maith--éiróidh mé leamhthuirse mura mbeidh rud éigin le dhéanamh agam.

tá mo dhearthair agus a theaghlach ag imeacht inniu tar éis cuairt deas fada--bhuell, le phaiste bheag sa theach, dhá lá atá cosúil le dhá seachtain! dáirire, afách, tá an-ghean agam ar Shilas beag, ach tá ár dteach trína chéile faoi anois, agus beidh áthas orm é a ghlanadh! agus, de ghnáth, is éagean dom an iomarca airgid a chaitheamh--ag ithe i mbialanna.

ag labhairt faoi ithe--táim direach tar éis mo lón a ithe agus tá pian i mo bholg. chríochnas i gceann dhá nóiméad é--d'itheas ro-ghasta é, is dóigh. leoga--thanaig pian i mo bholg ar maidin agus mé ag déanamh achlíocht. bhíos ag marcaíocht ar mo "rothar gan bhogadh." (éirím go moch ar maidin uaireanta mar seo a fhualaingt ...) ar son na slainte!

0 Freagraí-

Post a Comment

<< Home