9.08.2006

Taispeántas ealaíne mo chailín deas

inné, thosaigh an taispeántas ealaíne mo chailín Stephanie i dánlann in Amherst, Massachusetts darbh ainm "the Burnett Gallery" sa leabharlann Jones. bhí fáiltiú oscailte againn aréir. táim thar a bheith bródach aisti! Bhí cuma deas ar a cuid saithair, agus a pictuir ar na ballaí. bhí ealaíntoir eile ag taispeáint a cuid saothai chomh maith, ach níl aon comparáid idir an dhá acu. tá saothar Steph i bhfad níos fearr ná saothar an ealaínteora eile, dar liomsa. agus créid uaim--is duine cothrom mé, i gcónaí! ar aon nós, níl sé sin mo phoint! D'obair Steph go dian agus go fada an taispeántas seo a chur chun cinn agus é a thosnú, agus anois is saghas "debutante" í! Bhí a lán daoine ann ag breathnú ar na pictiúir, idir ealaíteora eile agus daoine a bhfuil suim i gcúrsaí ealaíne acu. Agus an bia! do dhéineamair an oiread sin bia, agus d'itheadh gan mhoill é--ní raibh faic fágtha sa deireadh! tharlaigh an fháiltiú idir cúig agus a hocht a chlog. mar sin bhí an-ocras ar gach aon duine a bhí ann--tuigim an méid sin. ach bhuail cuid acu isteach agus ar aghaidh leo direach go dtí an bhord bia! gan féachaint ar na picriúir ar chor ar bith! á bhuel. níos lú bia a iompar abhaile!

fáiltiú oscailte - opening reception?

2 Freagraí-

dúirt...Blogger Séamas Poncán

Tá súil agam nach bhfuil Gaeilge ag an ealaíontóir eile!

Comhghairdeas lé Steph. An bhfuil tusa i bpictiúirí dá cuid?

8:20 AM, September 11, 2006  
dúirt...Blogger mark bodah

níl, buíochas le dia!

10:24 AM, September 11, 2006  

Post a Comment

<< Home