9.05.2006

Skype le "Call Out" saor in aisce istigh i Méiriceá!

Sa cúpla bhlag fuaime a dhéineas le déanaí, mura dtugaibh faoi déara é, dhéineas ag úsáid "Skype"-- clár ríomhaire an-aisiúil. is féidir é a úsáid chun glaoch a chur ar ríomhairí daoine eile a bhfuil Skype acu ar a ríomhaire féin, mar is gnáth, ach anois, go dtí deireadh na bliana, is féidir é a úsáid chun glaoch a chur ar ghuthán daoine eile, agus guthán sóghlúiste daoine eile chomh maith. Níl ort ach an clár a íoslódáil, saoir in aisce, agus "dial out" ag úsáid na luiche, agus sin é! is fearr sórt éigin cluasáin a bheith agat, le micreafón ceangailte, nó beidh echoes ag deireadh eile na líne. Ar aon nós, is é Skype ceann de na cláracha a dhéanaimid úsáid as sa ghrúpa chomhrá ar Yahoo.com.

Sílim féin gur mhaith leis na daoine ag Skype sinne go leir a bheith tugtha dó! Agus ag deireadh na bliana, beidh orainn íoc as an tséirbhís, is dócha. á bhuel. déan úsáid as agus é le fáil, déirim, féin.

0 Freagraí-

Post a Comment

<< Home