2.22.2006

to teach or not to teach?

Tá mé ag smaoineamh gur maith liom rang Gaeilge a múineamh. Ba bhaith liom ceann a múineamh, bunrang, gan amhras, ach an bhfuil an t-am agam ar bith? Feicim go mbeadh an múineamh easca go leor, agus níl aon ranganna i mo cheantar féin ag an am seo. Déan é, a mhic! a déir liom fén! (Má tá daione amuigh úd a bhfuil comhairle acu dom, insigí bhur gcuid comhairle dom!) Ba mhaith liom an scoláireacht ó Daltaí na Gaeilge a fháil freisin. B'fhéidir gurbh fhearr dom ceann amhain acu a dhéanamh. An scoláireacht, ar dtús, is dóigh liom.

san idirlinn, Coinnióidh mé ag stáidéar!

8 Freagraí-

dúirt...Anonymous Anonymous

Deirim - Déan é!

Tadhg

7:43 PM, February 22, 2006  
dúirt...Anonymous Anonymous

A Mhark mo dhuine breá,
Tháinig mé ar do shuíomh de thimpiste nuair a bhí mé ag cuardach rudaí eile. Ní cuimhin liom anois cad a bhí á lorg agam cionn is gur stad mé chun do shuíomh a léamh. Táim ag scríobh seo toisc gur bhraith mé dáimh éigin leat, tá an galar cluaise céanna orm a bheag nó a mhór agus go bhfuilim féin ag plé le cúrsaí Gaeilge. Coinnigh ort leis an dea-obair agus le foghlaim na Gaeilge nó tá dul chun cinn iontach déanta agat.
Nára laga Dia Thú,
Donncha

5:38 AM, February 24, 2006  
dúirt...Blogger mark bodah

Go raibh míle maith agat, a Dhonncha. Is deas sin a chluinstin! Tá brón an domhain orm go mbíonn an tinneas chéanna i do chluasa agat.

Bhreathnaigh mise ar do shuímh féin agus, cé go bhfuil an chuid is mó de na Gaeilge ro-chasta liom a aistriú gan deachracht, thuig mé píosa de. Fillfidh mé air a léamh ó am go ham é, mar beidh cleachteamh maith agam le fáil ann! Obraím féin in iarrsmalann, mar sin ba ceart dom cupla focal ó do suíomh a fhoghlaim.

ar aon nós, a chara, béir bua agus slán go fóill.

mark

3:25 PM, February 24, 2006  
dúirt...Anonymous Anonymous

A Mhark,
Bhí tú luath ar do chois ag breathnú ar an suíomh. Níl sé seolta fós, saghas fógraíochta atá ann chun blaiseadh beag a thabhairt, an dtuigeann tú? Níl sé profáilte i gceart fós fiú. Is éard atá i gceist agam ciclipéid ealaíona ar líne a chur i dtoll a chéile. Tá maoinitheoir ag teastáil uaim fós ach seans maith go mbeidh ceann agam sar i bhfad eile. Beidh an suíomh i bhfad níos mó ansin le míle go leith alt. Abair paidir ar a shon!

Ábhar iontais, uchtaigh agus bróid dúinn in Éirinn is ea an bealach a bhfuil sibh-se i Meiriceá ag dul ar aghaidh leis an Teanga. Molaim go spéir sibh. Rath Dé ar bhur n-iarrachtaí.

Tá grúpa beag urnaithe Gaeilge againn anseo a bhuaileann le chéile gach tráthnóna Luain, déanfaimid guí ar son do shláinte.

An bhfuil go leor ábhar agat chun bheith ag foghlaim ansin? Tá liosta de shamhlacha traidisiúnta agam agus iad mínithe i mBéarla, seo sampla den rud atá i gceist agam

chomh haibí le huan
as frisky as a lamb ie. as fresh as a daisy
aibí :quick/nimble, uan :lamb

D'fhéadfainn sin a sheoladh chugat mar cheanglán ar ríomhphoist. Tá na samhlacha an-bhreá mar shaibhreas cainte.

Go n-éirí leat,
Donncha

4:19 PM, February 24, 2006  
dúirt...Blogger mark bodah

a Dhonncha,

ba mhaith liom do cheist a fhreagair, (An bhfuil go leor ábhar agat chun bheith ag foghlaim ansin?) ach ní thuigim an brí atá air dáiríre. (tá níos mó ná brí amhain ann ar "ábhar" is dóigh liom!)Má tá tú ag rá "cúrsaí" nó "ranganna" --Níl. tá rang agam, ach bíonn orm tiomáint bóthar fhada an áit a bhaint amach. Téim gach dhá seachtain.

dala an sceal, bhí mé leathuair ag aistriú do phost deireanach! is é simn an tslí is fearr liom Gaeilge a fhoghlaim... cuireann sé rudaí i gchomhthéacs.(cé go ndéanim mo dhíchill gan an fhoclóir a usáid agus tá mé ag scríobh mar seo!)

Is féidir leat mo sheoladh ríomphóist a fháil ar mo phrofíl Blogger. Ba deas do liosta samhlacha a feiceail! go raibh míle maith agat as sin agus as do fhoigne leis mo chuid Gaeilge briste!

Go n-éirí leat.

Mark

8:50 PM, February 25, 2006  
dúirt...Anonymous Anonymous

A Mhark a chara,
Mo leithscéal! Ní raibh mé ag iarraidh deacair a chur ort ach a mhalairt. Ní raibh mé ach ag baint taitneamh as ár gcomhrá. Ná bíodh aon leisce ort ceisteanna a chur orm más féidir liom cabhrú ar chor ar bith. Is amhlaidh a bhraith mé nach raibh fáil agat go réidh ar rudaí traidisiúnta ar nós seanfhocail, rannta traidisiúnta - cúlra na Teanga mar adéarfá. Sílim féim go mbeadh sé deacair greim a fháil ar an Teanga gan na rudaí sin.
Le Meas Mór,
Donncha

4:34 PM, February 26, 2006  
dúirt...Blogger mark bodah

Aontím leat le mo chroí go hiomlán, a chara! Is dúil agam a bheith abalta an theanga alainn seo a leabhart go nadúrtha. Mar atá a fhios agat, níl mé mar sin fós! (is trua é) Do mo chuid, táim an-bhuíoch as do cabhrú. Ba bhreá liom dul ar aghaidh leis ár gcomhrá. B'fhéidir go scríobhfaimis le chéile trid ríomhphoist as seo amach. Beidh sé sin níos easca, gan amhras.

chonaic mé pictiúir de Baile an Caisteal (is é do bhaile féin, nach ea? =Ballycastle, Co. Antrim?) tá cuma go halainn air! B'fhéidir go rachfainn ansin lá éigin--má tabharfainn an scoláirocht sin as Daltaí na Gaeilge, beadh seans agam taisteal timpeall na tíre. Bhí mé san t-iardheisceart bliana ó shin--ní raibh mé sa thuisceart riamh! Ba mhaith liom é a fheiceáil!

slán anois...
sín riobhphoist chugam, a chara!
fearfeasog "ag" gmail "ponc" com

6:33 PM, February 26, 2006  
dúirt...Anonymous Anonymous

A Mhark,
Tá go maith! An bhfuair tú an ríomhphost a sheol mé?
Donncha

4:24 AM, February 27, 2006  

Post a Comment

<< Home